From the countryside of Ireland
Slán Leis na Sléibhte

Slán Leis na Sléibhte

Tá na sléibhte dhá mbánú le fásraí na tráchtála
Is an fraoch tá sé dóite gan blátha níos mó
Sean gáirdíní an gorta in ár gcuimhne don ár sin
Is na sruthanna ‘bhíodh ag lonradh táid curtha as treo.

Ba mhinic mé ag féachaint ar Crúacháin na nDéise
Is i dtosach mo ré-sear Shlíabh Callan sa Chláir
Ach le socrú droch-bhéasach le giúis ghalda táim chéasta
Nách salach an réiteach a dhallann an bláth

Na radharcanna ioldaite a bhíodh ag tarraint na gréine
Le dorchadas foraíseach tá deire len a réim
Tá crois mhór á cruthú le h-adhmaid an chéasta
Is ar gúalainní ár gcnocaibh tá deire le dréim

Ba mhinic tríd na glúnta chun fíaigh is chun siúileód
I measc caorach is uainibh nó ag sábháilt na mhóna
An fia is an giorria ann is scéalta fiannaíochta
Le ré nua na gcoillte tá’id réabtha ‘mo bhrón

Ach duilleóg na staire le dóchas iompóidh sí
Insan céad amach rómhainn ar an bhfásach beidh tóir
Le bearadh na gcoillte ath-chuirfear an fraoch ann
Le sean saol is le saoírse osclófar nua-mheón.

In this song as in The Island of Australia, I decry the widespread planting of forests on our beautiful uplands. The monocolour of the hated "giúis gallda"(foreign fir) was blotting out forever the multicoloured hills and mountains so beautifully lit by the varied humour of the sun. This song won the Newly Composed Ballads as Gaeilge at Fleadh Cheoil na hÉireann in 1988.


 

 Home | Album | Michael | Links | Contact | Order Album

© 2004 Michael Marrinan. All rights reserved.
Micheál Marrinan: info@irishsongs.net