From the countryside of Ireland
Sliabh Geal gCua

Sliabh Geal gCua (Pádraigh Ó Mileadha 1877-1947)

Ó a Shliabh Geal gCua na Féile
Is fada uait i gcéin mé
Im shuí cois cuain im aonair
Go tréith-lag fé bhrón
An tuile bhuí ar thaobh díom
‘Dir mé ‘gus tír mo chléibhe
‘S a Shliabh Geal gCua na Féile
Nách géar é mo sceol.
Dá mbeinnse 'measc mo ghaolta
I Sceithín ghlas na séimh-fhear
Nuair a scaipeann teas na gréine ann
Ón spéir gheal gan smál
Nó dá mbeinnse ansúd faoin réaltan
Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
Ó a Shliabh Geal gCua nár dhéirc sin
Dá mb’fhéidir í d ‘fháil

‘Sé mo léan ná fuaireas tógaint
Le léann is mór-chuid eolais
I nGaelinn uasal cheolmhar
Ba sheolta mo bhéal
Do threabhfainn cuairt thar sáile
Is do thabharfainn bua thar barr chughat
Mar, a Shliabh Geal gCua ba bhreá liom
Thú d’árdach i réim
Mo ghrá-sa thall na Déise
‘Dir bhánta, gleannta ‘s sléibhte
Ó shnámhas anonn thar tréan-mhuir
Táim tréith-lag gan bhrí
Ach ó b’áil le Dia mé ghlaoch as
Mo shlán-sa siar go hÉirinn
Agus slán le Sliabh na Féile
Le saor-ghean óm chroí.

The Déise area of South Tipperary and Waterford is renowned for its wealth of songs. This song was composed around 1920 when the poet was an emigrant in Wales and is one of the most popular. I learned it from the singing of Nioclás Tóibín.


 

 Home | Album | Michael | Links | Contact | Order Album

© 2004 Michael Marrinan. All rights reserved.
Micheál Marrinan: info@irishsongs.net